Déardaoin 20
Thursday 20

10am – 1pm
Déardaoin Thursday 20

Ranganna Classes (€70)
Ionaid Éagsúla, Baile an Fheirtéaraigh

Ranganna Uirlise & Amhránaíochta. Mara bhfuil áirthint agat ar líne do na ranganna agus tú fós ag lorg spás, téir agus fiosraigh san Oifig Eolais eolais in Óstan Ceann Sibéal óna 09:30.

Music & Singing classes. For late bookings go to the Scoil Cheoil Infornmation Desk  in the Ceann Sibéal Hotel reception area, from 0930.

10.15am – 12.45pm 
Déardaoin
Thursday 20

Ranganna Rince Seite Set Dancing Class (12+)
Halla Cheann Trá V92 H4CA (€15 1 Lá / €40 3 Lá)

Le Christy Mac Gearailt. Díol ar líne nó airgead tirim ar an ndoras.

With Christy Mac Gearailt. Book online or cash on the door.

10.15-11.45am 
Déardaoin
Thursday 20

Ciorcal Comhrá Gaoluinne (€5)
Tigh Áine, An Ghráig, Baile an Fheirtéaraigh V92 XN49

‘Canúint Chorca Dhuibhne’ Le Toose Mac Gearailt.

12pm
Déardaoin
Thursday 20

Siansa na nAosach 
Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh

Lón, ceol agus cuileachta d’aosaigh an pharóiste.

3pm
Déardaoin
Thursday 20

3pm Seisiún Oscailte  Open Session
Tigh Uí Mhurchú, Baile an Fheirtéaraigh

Le Bríd Donnelly, Baile an Fheirtéaraigh
Fáilte roimis gach ceoltóir.

All musicians are welcome.
 

4pm
Déardaoin
Thursday 20

Seoladh CD & Leabhar Filíochta
Tigh Bhric, Baile an Fheirtéaraigh, V92P681

Seoladh CD aonair ‘An Veidhlín Muimhneach’ le Andrea Palandri agus seoladh an leabhar is déanaí ón fhile aitheanta Duibhneach, Dairena Ní Chinnéide, ‘Teacht Aniar’  á sheoladh ag Síle Denvir. Ceol, dánta agus cuileachta le Andrea, Dairena, Síle agus Kyle Macaulay. Fáilte roimis cách.

Is é An Veidhlín Muimhneach an chéad albam aonair ó Andrea Palandri, le tionlacan ó Ruairí McGorman. Tugann an ceirnín ómós do thriúr veidhleadoirí ó Shliabh Luachra, Pádraig O’Keeffe, Denis Murphy agus Paddy Cronin, atá dulta i bhfeidhm go mór ar stíl Andrea féin. Tá taifeadadh déanta ag Andrea ar cheol a luaitear leis na veidhleadóirí seo chomh maith le ceol a d’aimsigh sé i bhfoinsí éagsúla Muimhneacha ón 19ú agus ón 20ú céad. Is é Liam O’Neill a thairrig pictiúir chlúdaigh an albaim, ‘O’Keeffe ag siúlóid’.

File aitheanta as Corca Dhuibhne í Dairena Ní Chinnéide agus tá os cionn dosaen cnuasaigh dá cuid filíochta Gaeilge foilsithe, agus ceann i mbéarla.  Tá duaiseanna agus gradaim bronnta uirthi dá cuid oibre, ina measc gradaim ón gComhairle Ealaíne, Ealaíon na Gaeltachta agus The Patrick and Katherine Kavanagh Fellowship. Seinnfidh an t-amhránaí agus cruitire aitheanta Síle Denvir píosaí ceoil agus léighfidh an file Dairena Ní Chinnéide dánta óna leabhar nua ‘Teacht Aniar’.

Ceolchoirm
Concert

8PM
Déardaoin
Thursday 20

Scaipeadh is Cruinniú na nGael
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin V92 TH73 (€15)

Ceolchoirm de cheoltóirí & amhránaithe as Éire, Alba & Oileán Cheap Bhreatainn. Sa chuir i láthair speisialta ceoil seo seimfidh Andrea Palandri agus Pádraic Keane ceol traidisiúnta atá aimsithe acu i seanafhoinsí a cuireadh i gcló idir 1750 agus 1850 ar cheithre úirlis a deineadh in Éirinn le linn na tréimhse sin. Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.

Beidh ceol agus amhráin againn as Albain leis an amhránaí aitheanta Kathleen MacInnes, an píobaire agus amhránaí Ailean Domhnallach, agus as Ceap Bhreatainn ar chuairt go Corca Dhuibhne don chéad uair, beidh an píobaire agus veidhleadóir Kenneth McKenzie. Fear an Tí, Breanndán Ó Beaglaoich.

Muisic and Song from Scotland and Cape Breton with reknowned performers Kathleen MacInnes, Allan MacDonald and Kenneth McKenzie as well as the first performance of work from Andrea Palandri and Pádraic Keane of music found in collections from 1750 to 1850 played on instruments from the same period. This project has been supported by Ealaíon na Gaeltachta.

9.30pm
Déardaoin
Thursday 20

Oíche Ceoil
Tig Khruger, Dún Chaoin V92 P291

Fáilte roimh ceoltóirí, amhránaithe & rinceoirí.

All musicians, singers and dancers welcome.

Clár Iomlán Imeachtaí

Buail cnaipe an lae go gcífidh tú cad tá ar siúl

Full Programme of Events

Click on the day to see what’s happening