2020
Beag beann ar mbáisteach nár stop ó Chéadaoin go Domhnach, bhí Baile an Fheirtéaraigh ag preabadh le cuisle an cheoil ar feadh 5 lá aoibhinn le linn an briseadh lár-téarma. Leag Cathal Goan a mhéar ar agus é a oscailt Scoil Cheoil an Earraigh go hoifigiúil ar an Chéadaoin an 19ú Feabhra nuair a dúirt sé go bhfuil sé fíor thábhachtach do cheoltóirí agus amhránaithe óga tuiscint a fháil ar an gceol agus na hamhráin óna gceantar dúchais. Ba mar sin a bhí le linn an scoile, áit a tugadh árdán do cheoltóirí agus amhránaithe Chorca Dhuibhne, idir óg agus aosta, agus na poirt agus na hamhráin atá aitheanta leis an gceantar. Ón oscailt oifigiúil in Áras Bhréanainn i mBaile an Fheirtéaraigh Dé Céadaoin, áit ar sheinn dhá ghrúpa de cheoltóirí óga áitiúla, go dtí an ceolchoirm deireannach in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin Dé Domhnaigh, áit ar sheol Muireann Nic Amhlaoibh a CD nua Thar Toinn, bhí blas láidir Duibhneach le braistint ó thús deireadh.
D’fhreastal beagnach 250 duine ar na ranganna uirlise agus amhránaíochta, áit ar fhoghlaim siad ceol agus amhráin ar feadh 3 lá faoi stiúr 21 múinteoir. Ghealfadh sé do chroí iad ar fad a chlos ag seinimt polca a sheinnfeadh Pad Dan Beag Ó Gairbhí – ‘We won’t go home ‘til morning’ a d’fhoghlaim siad sna ranganna ag ceolchoirm na ndaltaí i Sáipéal Naomh Uinseann ar an Satharn. Bhí an sáipéal ag cur thar maoil agus 3 chinn de ranganna ar an altóir ceal spáis, in measc, cúigear déag ar an gcláirseach a sheinn píosa ar leith a chóirígh siad don lá ‘Tá Piaras Feirtéar thíos ag an Trá’.
Sheol ceoltóir óg ón Gráig, Nicole Ní Dhúshláine an CD a rinne sí le Kyle Macauley i dTigh Bhric ar an Déardaoin agus thug Clíodha Ní Bheaglaoich agus Seán Hughes sracfhéachaint ar a bhfuil de ábhar ceoil agus amhránaíochta ó Chorca Dhuibhne i dTaisce Ceol Dúchais Éireann ar an lá céanna. Ba iad na seanfhocail a bhí faoi chaibidil ag Pádraig Ó Héalaí sa chaint a thug sé ar an Satharn os cóir 70 duine.
Ag an am céanna bhí teacht le chéile fíor speisialta ag tárlú i dTig an Phíobaire i mBaile Móir, áit a bhfuil ceann de na botháin a bhí ag clann an bhailitheora ceoil, An Canónach Séamus Goodman, athchóirithe. Arís siad ceoltóirí óga na háite a chuir tús leis an gceiliúradh, agus an ceol a bhailigh an Canónach á sheinimt ar a tháirseach fhéin arís. Ina ndiaidh, tháinig Aoife agus Deirdre Granville, Eoin Duignan, Tom Delaney agus go leor eile. I measc na gcuairteoirí a sheinn ceol Goodman bhí an píobaire Mick O’Brien a labhair ar a shaol agus a shaothar, mar a rinne Mike Granville ó Shráid Eoin. Ar an gcuairteoir ba speisialta a bhí i láthair bhí Lisa Sheils, co-eagarthóir ar an darna imleabhar de cheol Goodman lena fear céile Hugh, agus a cairde. Sheinneadar go fonnmhar agus roinn Lisa cuid de chúlra an obair a rinne siad ar an mbailiúchan. Roinn Mike Grainbhéal a chuid eolais ar Goodman I gCorca Dhuibhne agus d’inis Johnny McCarthy cuid de scéal Goodman i gCorcaigh . Sheinn Eoin Ó Riabhaigh ceol an Chanónaigh ar na píob uilleann a bhí ag an gCanónach fhéin. Bhí sé draiochtúil a bheith i láthair agus an uirlis á sheinimt ar ais i mBaile Móir arís. Beidh clár ar an ócáid á chraoladh ar RTE RnaG amach anseo.
Dar ndóigh bhí ceoltóirí iontacha as gach cearn don tír páirteach sa Scoil Cheoil chomh maith. Bhí Ionad an Bhlascaoid ag cur thar maoill nuair a thug Cathal Goan spléachadh ar cheolta na mban as Ranna Feirste agus an dúchas ceoil a síneadh ar aghaidh ag na deirfiúracha Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill. Arís ar an Aoine & Satharn i Halla na Feothanaí bhí muintir na háite agus cuairteoirí i bhfochair a chéile le Elaine Hogan as Co. na Chláir, Susana Garrido Pombo ón nGailís, Mick & Fidelma O’Brien ón ard-chathair, Ben Ó Loinsigh ón Riasc agus Seánas Ó Guithín ó Bhaile an Éanaigh i measc na naoinna ar an stáite mór, chomh maith le Muiris MacGinneá, Philip Crickard agus Jeremy Spencer ón nDaingean. Bhí an slua faoi gheasa acu agus ag Kevin Burke, Desi wilkinson, Ciara de Mórdha, Maighread agus Tríona, Christine Primrose, Emma Corbett, Sláine Ní Cathalláin, Oisín Morrison agus go leor eile.
Bhí rogha iontach imeachtaí ann do dhaoine ar feadh an ama – ina measc ranganna máistreachta, ceardlann seiteanna, tráthnóna na gCaipíní a bhí an-speisialta arís I mbliana go háirithe agus Peigí Chosaí i láthair chomh maith le Ben Ó Loinsigh agus Séanus Guithín. Tháinig clabhsúr leis an ranganna ar an Satharn agus bhí teacht le chéile ag na ranganna I Sáipéal Naomh Uinseann, a bhí lán go barr le daoine, agus ceol ag teacht as gach cúinne.
Ní raibh deireadh fós áfach. Craoladh an tAifreann le Cór Chúl Aodha beo ar RTE Raidió na Gaeltachta ar an nDomhnach. Bailíodh €1280 ag maidin chaifé agus ceol sa Mhúséam i mBaile an Fheirtéaraigh, do Ospidéal na Leanaí, Croimhghlinn. Chuir Mick O’Brien agus Caoimhín Ó Raghallaigh an slua milteannach a bhí bailithe faoi gheasa I gcaife Louis Mulcahy agus ba í Muireann Nic Amhlaoibh a chuir críoch leis an scoil cheoil le tigh a bhí ag cuir thar maoil in Ionad an Bhlascaoid le seoladh a CD, Thar Toinn. Tugadh árdán do cheol na háite, tugadh árdan don óige, tugadh ómós don dream a shín an ceol ar aghaidh, agus cuireadh fáilte roimh scoth na gceoltóirí agus amhránaithe ó cheann ceann na tíre agus níos faide i gcéin. Gan aon bhréag, tá an Scoil Cheoil faoi bhláth, é ag fás gach bliain agus i mbliana, an séú blian déag ar an bhfód, tháinig méadú os cionn 20% ar líon ndaoine a d’fhreastal ar na himeachtaí. Beidh Scoil Cheoil an bliana seo chugainn ar siúl ón 17-21 Feabhra 2021. Táimíd buíoch dár n-urraitheoirí ar fad, go háirithe An Chomhairle Ealaíona, Ealaíon na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Oifig na Gaeilge Comhairle Condae Chiarraí, Colmcille agus Foras na Gaeilge. Go mbeirimíd beo ag an am seo arís.
Niamh Ní Bhaoill Co-Stiúrthóir Scoil Cheoil an Earraigh