2022

Ba iad Eoiní agus Danny Maidhcí Ó Súilleabháin a chuir tús le Scoil Cheoil an Earraigh 2022 I dTigh Bhruic ar an Riasc, an chéad teacht le chéile Gaeltachta ag éinne againn le dhá bhlian. Bhíomar lán dóchais agus muid ag súil le 5 lá le de cheol agus cuileachta rud nach raibh againn ó bhí Scoil Cheoil an Earraigh againn i 2020. Bhí ard-oíche ceoil ann le muintir Mhúscraí, a raibh amhráin agus an lúibín, ‘An Muileann’, acu, lucht na ndéise, muintir Uíbh Ráthaigh a bhí ann go tréan agus gan dabht muintir Chorca Dhuibhne agus Ben Ó Loinsigh, Ciara de Mórdha, agus fear an tí don oíche, Noelie Ó Maoileoin in ana-ghuth. Tugadh chun cuimhne iad siúd a cailleadh le blian, agus cuireadh clabhsúr aobhinn ar an oíche le Mo Ghile Mear. 

Chuireamar srian ar uimhreacha sna ranganna ar mhaithe le sábháilteacht ach mar sin fhéin d’fhreastal 147 duine ar na ranganna ceoil agus amhránaiocht agus suas le scór ar an ciorcal comhrá i dTigh Áine, a bhí faoi stiúr Toose Mac Gearailt. I mbliana, don chéad uair bhí duine de na céad daoine a d’fhreastal ar ranganna I Scoil Cheoil an Earraigh i 2005 i láthair, ach ag múineadh an uair seo. D’fhreastal Nicole Ní Dhubhshláine ón nGráig, nach raibh ach tuairim is 5 bliana d’aois nuair a thosnaigh an scoil cheoil I 2005, ar na ranganna, lena colceathrar Roibeárd. D’fhreastal sí nach mór gach blian ó shin agus i mbliana bhí ról eile aici, ag múineadh an chansairtín agus ag seinimt sa cheolchoirm. Nach iontach an dul chin cinn atá déanta aici agus an slí gur thug sí leithí an ceol thar na mblianta. Thabharfadh sé dóchas duit don todhchaí.

In Áras Bhreánainn bhí an chéad dinnéar ag na seanóirí le dhá bhlian áit a raibh Breanndán Ó Beaglaoich, Nicole Ní Dhubhshláine, Kyle Macaulay agus beirt fidléir a thaisteal chugainn as Inse Shealtainn, Maurice agus Kevin Henderson ullamh chun ceoil dóibh. Fuair na seanóirí greim san Áras, agus fuair cuid eile againn greim aoibhinn ó thrucal Cáis a bhí tagtha siar ag an mBuailtín chug an Scoil Cheoil, tagaigí arís a mhná, le bhur dtoil, bhí sé go diail sibh a bheith linn! Níos déanaí an tráthnóna sin d’fhreastal os cionn 50 duine ar cheol choirm díolta amach ó fhearaibh na Seatlainne agus bhí gach éinne a bhí láthair faoi gheasa ag a gcuid seinimt agus a gcuid scéalta faoi na píosaí ceoil a bhí spreagtha ag na míolta mór, an lucht sídhe (na trolls), scéalta ón Ghréanlainn agus eachtraí farraige. An tráthnóna céanna bhí Tig Uí Mhurchú ag cur thar maoil le ceoltóirí tráthnóna agus ceol ins gach aon tig roimh dheireadh na hoíche. Kevin Hednerson ar chlé agus Maurice Henderson, as oileán Seatlainn, ag ceolchoirm an Aoine i Halla na Feothanaí.

Ar an Aoine lean na ranganna agus an ciorcal comhrá arís agus bhí tráthnóna aoibhinn ag tionól na nóg – toisc srian a bheith ar uimhreachta bhí orainn an tarna tionól na nóg a eagru, agus buíochas mór le Michelle Uí Shé a bhí i mbun seomra amháin agus Breanndán Ó Beaglaoich a bhí sa seomra eile. Tháinig An Saol Ó Dheas beo ó Áras Bhréanainn agus bhí daoine ann as na Gaeltachtaí uilig ag caint le Helen Ní Shé. Bhí David Geaney ann ag stepadaíl, agus go bhfóire Dia orainn, tá sé do-chreidte tapaigh! Labhair Colm Murphy ar a chuid péintéireacht agus d’inis Nicole Ní Dhubhshláine dúinn faoin turas ceoil ó bheith ina dalta ar dtús go dtína múinteoir ceoil sa scoil mar atá sí anois. Bhí Halla na Feothanaí lán go doras an oíche céanna áit a gcuaigh Mickey Dunne, Sorcha Costello, Conor Connolly, Eithne Ní Chatháin, Angelina Carberry agus Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann chun stáite le Tómas Ó Sé agus Niamh ag rince. Ceolchoirm na ndaltaí, Scoil Cheoil an Earraigh 2022 – Rang Angelina Carberry

Tháinig clabhsúr leis an ranganna ar an Satharn agus bheartaíomar leanacht le ceolchoirm na ndaltaí, ach gan ach na daltaí iad fhéin i láthair, ar mhaithe le sábháilteacht. Thug gach aon rang taispeántas iontach ceoil nó amhráin, fiú rang Jeremy Spencer nach raibh ach dalta amháin in ann freastal ar an gceolchoirm agus sheinn Siún Ní Eartáin go diail ar fad lena múinteoir! Cuireadh clabhsúr leis an gceolchoirm mar a dhéanann muid go traidisiúnta gach blian, le gach éinne ag seinimt le chéile agus i mblian Polca Tom Mhic a bhí againn. Cuid den slua ag celchoirm na ndaltaí Maidhc Ó Mainín (sa lár, cóta buí) agus cuid de na daoine a rinne an siúlóid culturtha sa ghaoth ag bailiú le chéile.

Ina dhiaidh san thóg Maidhc Ó Mainín slua breá ag siúl ó thig Aine siar ag An gCeathrúin áit ar chas siad le Maria Simmons Gooding, Mícheál de Mórdha agus Feargal Mac Amhlaoibh – an-lá! Bhí ard-tráthnóna ag na Caipíní i dTig an tSaorsaigh ar an Satharn, le Breanndán Ó Beaglaoich, Ben Ó Loinsigh, Seánus Guithín agus Eibhlín Ní Bheaglaoich ag canadh agus Peigí Chosaí I lár an aonaigh. Ba iontach daoine a fheiceáil amuigh I gcomhluadar a chéile arís.

Thug Matt Molloy caint iontach faoin chuid ceoil agus é I mbun cainte agus taispeáintais in Áras Bhreánainn os cóir slua breá. I seomra eile thug lucht na Seatlainne ceardlann ar a gcuid poirt fhéin – cá bhfios ach nach mbeidh roinnt ceoltóirí ag seinimt ceol na seatlainne anso I gCorca Dhuibhne amach anseo! An tráthnóna céanna thug An Dr. Pádraig Ó Héalaí caint bhreá ar an mbéaloideas a bhailigh Mícheál Ó Súilleabháin as Imileá.

Bhí ceolchoirm iontach eile díolta amach i Halla na Feothanaí ar an Satharn áit a raibh Aiden Connolly, Diarmuid Ó Meachair, Kevin agus Maurice Henderson, Éilís Ní Chinnéide agus Gerry O’Beirne, agus Matt Molloy, John Carty agus Brian McGrath ar stáite.

Lean an ceol go agus an spraoi amach go h-am mhairbh na hoíche agus ar maidin tháinig Cór Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada ag an Aifreann. Ní raibh aon mhaidin caifé ann ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta covid, ach tháinig grúpa misniúil de os cionn 30 duine le chéile ar an dtráigh i mBaile na nGall le dul ag snámh. Bhí seisiún breá ina dhiaidh ar feadh an tráthnóna I dTigh TP agus slua breá i láthair. Níos déanaí an tráthnóna céanna, ag 8pm, cuireadh clabhsúr leis an Scoil Cheoil le ócáid ar líne, Breandán Ó Beaglaoich i mbun comhrá le Connie O’ Connell ar a shaol agus a chumadóireacht, agus Connie ag Seinimt na fidile lena iníon Áine Uí Chonaill. Colm Mac Gearailt i mbun ceardlann slam fhilíochta ag bhí ar siúl ag an Scoil Cheoil i bpáirt leis an Díseart.

Bhí Scoil Cheoil iontach againn, aineoinn an ghaoth nar stop go dtí go raibh na héinne imithe abhaile ar an Luan! Ach thar aon rud eile bhí sé go diail ar fad a bheith tharnais le chéile, ceol agus amhráin a chlos, seiteanna a rince agus taitneamh a bhaint as ár gceol agus ár gcultúr le chéile. An chéad ócáid snámha ag Scoil Cheoil an Earraigh, agus neart ceoil ina dhiaidh I dTigh TP.

Beidh Scoil Cheoil an Bliana seo chugainn ar siúl ón15-29 Feabhra 2023. Táimíd buíoch dár n-urraitheoirí ar fad, go háirithe An Chomhairle Ealaíona, Ealaíon na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Oifig na Gaeilge Comhairle Condae Chiarraí agus do gach aon eagraíocht agus duine a thugann a gcuid tacaíochta dúinn, go háirithe Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus a bhfoireann, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, An Sagart Paróiste, Aisteoirí Bhréanainn, Coiste Halla na Feothanaí, Scéim Fostaiochta Pobail an Údaráis, Raidió na Gaeltachta, Scoil an Fheirtaraigh agus Tig Áine.

Buíochas ar leith le Ciara de Mórdha agus Edel Ní Churraoin, agus chomh maith leis sin, ár mbuíochas ó chroí le Boscó Ó Conchubhair, Clodagh Ní Shlattara, Máire Ní Mhaoileoin, Maidhc Ó Mainnín, Áine Uí Dhubhshláine, Niocle Ní Dhubhshlaine, Kyle Macaulay, Michelle Uí Shé, Aoife Ní Chonchubair, Bláithín Bruic, Éibhlín Uí Chíobháin, Aoife Ní Shéaghadha, Caitríona Budhlaeir, Roibeard Ó hEartáin, Joe Bruic, Noelie Ó Maoileoin, Cristín de Mórdha, Máire Uí Shíthigh, Muireann Nic Amhlaoibh, Oisín Ó hEartáin, Anna Marie Mhic Gearailt, agus gach duine eile a chabhraigh linn ar aon slí . Gura fada buan sibh agus go mbeirimíd beo ag an am seo arís.

Niamh Ní Bhaoill, Breanndán Ó Beaglaoich Co-Stiúrthóirí Scoil Cheoil an Earraigh