2018

Bhí freastal iontach ar imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh 2018, bhi tiomnaithe do Dhomnhall Mac an tSíthigh. Ba í Catherine Boothman a rinne an oscailt oifigiúil, agus thug sí caint tuiscinneach ar aidhmeanna Scoil Cheoil an Earraigh, an méid atá bainte amach againn agus an Scoil i gcomhthéacs aidhmneanna na Comhairle Ealaíona. Bhí os cionn dhá chéad duine I láthair, agus sheinn ceoltoirí an Bhuailtín, Seán Ryan, Christy Barry, Breanndán Ó Beagaloich, Rosie McKenzie (Cape Breton) chomh maith le go leor eile, ar an oíche. Ar an gcuma céanna bhí na sluaite níos mó ná riamh I láthair ag Tionól na nÓg, Ceolchoirm na nDaltaí, an tráthnóna amhránaiochta agus seoladh CD Déardaoin. Faraor bhí orainn daoine a chuir ó dhoras do cheolchoirm oíche Dhéardaoin in Ionad an Bhlascaoid agus o Halla na Feothanaí don Aoine. Bhi an dá ocáid díolta amach I bhfad roimh ré. Bhí ceolchoirm an tSathairn I Halla na Feothanaí lán go maith. Is léir go bhfuil éileamh ar na himeachtaí.

Bhí suas le 215 duine ag freastal ar na ranganna arís chomh maith le c30 duine ag an gciorcal comhrá, agus c. 100 duine eile ag na ranganna máistreachta/ceardlanna ar an Satharn. Eagraíodh imeachtaí speisialta do na haosaigh sa pharóiste. Ceann de na buaicphointí dar ndóigh ná gur fhreastal Uachtarán na hÉireann, a shoilse Micheál D Ó hUigínn ar an gceolchoirm oíche de hAoine, ceolcoirm tiomnaithe do Dhomhnall Mac an tSíthigh áit a raibh scoth cheoltóirí Chorca Dhuibhne ar stáite, idir óg agus aosta, chomh maith lenár ngaolta sa cheol, as Albain, Cap Breton agus an Ghailís. Choimisiúnaigh muid dán speisialta ‘ Mórtas Cine’ ón bhfile Darina Ni Chinnéide, agus dhein sí é a aithris ar an oíche. Bhí atmasféar breá sa cheanntar agus ceol agus cleachta i ngach áit agus ba léir go raibh tacaiocht ann dár gcuid imeachtáí ón bpobal a bhí fior flaithiúil lena gcuid ama agus a gcuid argid.

Bhi árdú de 30% ar líon na ndaoine a d’fhreastal ar na ceolchoirmeacha agus árdú beag ar líon na ndaoine a d’fhreastal ar na ranganna / ceardlanna. Tháinig ceoltóirí chugainn ón Ghailís agus Tír na mBasc, Carlos Nunes, Xorox Nunes agus Itsaso Elizigien – sheinneadar sna cheolchoirmeacha, ar an raidio (Rte RnaG ,Saol o Dheas agus South Wind Blows ar RTE) , dhfreastal Istasao ar cheardlann ar an mbosca, agus bhaineadar árd thaithneamh as aithne a chuir ar an gceantar agus an cultur áitiúil. Bhí caint nósanna a bhaineann leis an Leabhar Eoin ag Pádraig Ó Héalaí ar an nDomhnach agus 50 duine I láthair. Bhí Scoil Cheoil thar barr againn a bhuíochas san don bpobal agus na heagraíochtaí ar fad a thacaigh linn, Ealaín na Gaeltachta go mór chun cinn ina measc. Múineadh polca chumtha, Polca Camino, le Breanndán Ó Beaglaoich, do os cionn 200 dalta – agus chuadar ar fad abhaile ábalta ar é a sheinimt – an cultúr beo agus ag scaipeadh. Bhí an Scoil Cheoil dírithe ar aon duine go bhfuil suim acu inár gcultúr, teanga, ceol agus amhráin, agus a leithéidí ó chultúir eile, Cuma cén aois iad ná cárbh as dóibh. Bhi méadú suntasach sa líon daoine a d’fhreastal ar na himeachtaí, agus méadú 30% ar an teacht isteach ós na himeachtaí, formhór dó seo toisc an éileamh iontach a bhí ar thicéidi dos na ceolchoirmeacha – chuir an gné idirnáisiúnta, agus teacht an Uachtaráin, go mór leis an suim a bhí ag an bpobal sna himeachtai, agus an ceangal áitiúil le ceolchoirm Michil Uí Shúilleabhain – ni raibh ticeád do na ceolchoirmeacha le fáil ar ór ná ar airgead. Bhí suim ar leith ag an bpobal sna himeachtai – d’eagraigh muid imeachtaí ar leith don óige (Tionól na nÓg, seisiúntaí, ceoltóirí óga ar stáite ag ceolchoirm Mórtas Cine ar an Aoine os cóir an Uachtaráin), imeachtaí do na haosaigh (Siansa na nAosach agus ticéidíar phraghas laghdaithe dos na ceolchoirmeacha) , thugamar cuireadh do phobal Camp Hill ag ceolchoirm an tSathairn (gan chostas) agus bhí coimhoibriú againn leis na heagraiochtaí iontacha seo a leanas, chun na himeachtai a chuir ar fáil:

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Aisteoirí Bhréanainn, Scéim Fostaíochta Pobail, An Sagart Paróiste, an OPW in Ionad an Bhlascaoid, An Sagart Paroiste, Múséam Chorca Dhuibhne, Scoil an Fheirtéaraigh, Coiste Halla na Feothanaí, Potadóireacht Louis Mulcahy, Óstán Ceann Sibéal, Potadóireacht Sinéad Lough, Tigh Uí Chatháin, Tigh Uí Mhurchú, Tigh an tSaorsaigh, Tigh Bhric agus go leor gnóanna eile. Táimíd fior bhuíoch chomh maith do na heagraiochta ar fad a thugann tacaíocht airgid agus urraiocht dúinn – ni fhéadfaimís ár gcuid imeachtaí a chuir ar fáil gan iad. Luaim go háirithe an Chomhairle Ealaíon, Ealaíon na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Colmcille, RTE Raidió na Gaeltachta, Oifig na Gaeilge Comhairle Condae Chiarraí agus IMRO agus gnóanna áitiúla.

Niamh Ní Bhaoill