2021

Bhí orainn imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh ar fad a dhéanamh ar líne I 2021 toisc Covid.

Bhí réimse leathan ranganna again thar 3 lá, mar a bhí go hiondúil. Dheineamar socrú go raibh an teicneolaiocht ag na múinteoirí go léír agus thugamar oiliúint dóibh chun I a úsáid. Bhí os cionn 200 duine ag freastal ar na ranganna amhránaíochta agus uirlise ar fidil, feadóg mhór, feadóg stáin, bosca ceoil, consairtín, cláirseach, píob uileann, guitar, banjo, amhránaíocht do dhaoine óga agus fásta agus go leor eile. Bhiomar thar a bheith sásta leis an chaoi a ndeachaigh rudaí agus bhí iontas orainn faoin éileamh.

Thaifead muid dhá cheolchoirm le ceoltóirí áitiúla, náisiunta agus idirnáisiúnta agus ‘dhféach cúpla míle duine orthu o chuadar amach ar youtube agus árdáin Scoil Cheoil an Earraigh, árdáin ITMA agus árdáin Molscéal TG4. Tá nasc ag na ceolchoirmeacha anseo: https://www.scoilcheoil.com

Ar an Aoine bhí na ceoltóirí seo a leanas sa cheolchoirm:

Liz Carroll & Jenn Butterworth (Chicago & Alba), Muireann Nic Amhlaoibh, Caroline Keane le Tom Delaney, Caoimhín Ó Raghallaigh, Pepín De Muñalén (Asturias), Ben Ó Loinghsigh, Andy Ó Súilleabháin & The Goodman Trio (Mick O’Brien, Emer Mayock & Aoife Ní Bhriain).

Ar an Satharn siad seo a bhí páirteach:
Breanndán Ó Beaglaoich, Carlos Núnez, (Galicia), Bríd Donnelly le Cillian Ó Briain, Clíodhan Costello, Colm Murphy le Louise O’Sullivan & Conor O’Sullivan, Eithne Ní Chatháin, Seosaimhín Ní Bheaglaoich le Cormac Ó Beaglaoich, Deirdre & Aoife Granville, Seánus Ó Guithín, Laoise Kelly, Tiarnán Ó Duinnchinn, Ailean Domhnallach (Alba) agus Éilís Ní Chinnéide le Matt Griffin.

Sna ranganna bhí na múinteoirí seo a leanas linn:

Amhránaíocht (leanaí) – Muireann Nic Amhlaoibh Amhránaíocht (fásta) – Seosaimhín Ní Bheaglaoich Consairtín – Caroline Keane &  Edel Fox Bosca Ceoil – Breánndán Ó Beaglaoich Feadóg Mhór – Aoife Granville & Oisín Morrison Feadóg Stáin – Bríd Donnelly Fidil – Eithne Ní Chatháin & Jeremy Spencer Bodhrán – Colm Murphy Cláirseach – Deirdre Granville Órgán Béil – Aindí Ó Súilleabháin Bainseo – Clíodhna Costello Giotár – Caoimhín Ó Fearghaíl Píob Uilleann – Tiarnán Ó Duinnchinn

Ar an Déardaoin bhí oiche amhránaíochta beo ar facebook le Ben Ó Loinsigh, Seánus Lynch, Breanndán Ó Beaglaoich, Lillis Ó Laoire, Nell Ní Chróinín, Muireann Nic Amhlaoibh, Noelie Ó Maoileoin, Joe Creedon, Doireann Ní Ghlacáin agus go leor eile. Bhí ceolchoirm na ndaltaí ar líne againn agus os cionn 50 dalta páirteach. Roinn muid craoladh ITMA faoi stair an trumpa ar an Chéadaoin.

Aineoinn nach rabhamar le chéile spreag na himeachtaí muid, thug siad ardú croí dúinn agus bhaineamar an-shásamh as an gcomhluadar ceoil a tháinig ag am an- dhorcha sa cheantar agus oiread daoine, amhránaithe in measc, trócaire orthu, sciobtha uainn ag Covid.

D’éirí go hiontach leis na himeachtaí go léír agus bhíomar an-sásta.

Niamh Ní Bhaoill & Breanndán Ó Beaglaoich