2023
Cuireadh tús iontach le Scoil Cheoil an Earraigh 2023 agus slua mór bailithe le chéile i dTigh Bhric ar an Riasc, aineoinn na báistí agus droch aimsire. Cuireadh fíor chaoin fáilte roimis na héinne, agus gan dabht, gach éinne a bhí i láthair ag cuimhniú ar an laoch a bhí ar lár, Séamus Ó Beaglaoich, trócaire air. Go deimhin, bhí Séamus inár smaointe in imeachtaí na Scoile ó thús go deireadh.
Ag an oscailt labhair Niamh Ní Bhaoill, agus í ag cuir fáilte leis an slua, ar Shéamus agus an tacaíocht agus spreagadh a thug sé i gcónaí, don óige, do éisteoirí, do cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí. Bhronn Colm Ó Murchú pictiúr aoibhinn a rinne sé de dhreoilín agus radharc ar Bhréanainn sa chúlra, ar dhearthair Shéamuis, Breanndán, co-stiúrthóir na scoile, i gcuimhne ar an laoch a d’imigh uainn roinnt seachtainí beaga ó shoin. Don chéad uair go poiblí, sheinn Siún Ní Eartáin, déagóir ó Bhaile an Fheirtéaraigh, píosa nua-chumtha ar an veidhlín, a scríobh sí i gcuimhne ar Shéamus, ‘An Laoch ar Lár’. Cuireadh ceol bríomhar os cóir an tslua, ag Breanndán Ó Beaglaoich, Colm Murphy, Colm Ó hEartáin, Siún Ní Eartaín, Rob Ó hEartáin, Edel Fox, Caoimhín Ó Fearghail agus ansan thosaigh na hamhráin le aoinna na hoíche Sláine Ní Chathalláin agus Seosamh Ó Críodáin. Chuaigh fear an tí, Noelie Ó Maoileoin ó dhuine go duine timpeall an seomra a bhí lán go barra, agus cloiseadh amhráin aoibhne ó Chárthach Mac Craith, Michael Marrinan, Siún & Méan Nic Craith, Karoliina, Lee agus Keira ón Eastoin, Ciara de Mórdha, Ailean Domhnallach agus Kathleen MacInnes as Alba, agus go leor eile, le linn na hóiche.
Maidin Déardaoin chuaigh na sluaite daltaí ag a gcuid ranganna, an líon ba mhór riamh a d’fhreastal ar an Scoil Cheoil. Tuairim is 263 ar fad a chláraigh do 21 rang agus ciorcal comhrá sa bhreis ar sin. I measc na gcuairteoirí bhí os cionn 30 déagóir as Gaeltachtaí Chonamara, Dhún na nGall agus Múscraí I measc ógánaigh áitiúla. Bhi siad ag freastal ar an Sceoil Cheoil tríd scéim nua le Ealaíon na Gaeltachta don Chrannóg, Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, Aisling Gheal agus Comhaltas Lachtainn Naofa. Ba iontach ar fad iad a fheiceáil agus a chlos ag baint sásamh as na himeachtaí éagsúla agus ag cuir aithne ar a chéile. Bhí ócáidí ar leith ann dóibh chomh maith le freastal ar na ranganna agus ceolchoirmeacha, bhí tráth na gceist, turas, céilí, disco agus ceardlann seite chomh maith le rang máistreachta le Dónal O’Connor agus Muireann Nic Amhlaoibh.
Thug na hAlbanaigh a bhí ar chuairt, Jamie MacDonald, Ailean Dhomhnallach agus Kathleen MacInnes ceolchoirm fior thaitheamhach tráthnóna Aoine i dTig Bhric agus an Tig lán go doras arís. An oíche roimh ré fuaireamar blaise de cheol amhráin agus scéalta oileán Ruhnu san Eastóin ag ócáid speisialta in Ionad an Bhlascaoid.
Sheinn banna nua Mhéabh Ní Bheaglaoich ‘The Weaving’, ina bhfuil sí féin, Owen Spafford agus Cáit Ni Riain, gig i dTig Uí Chatháin a bhí lán go doras, agus bhí an dá thig eile ar an mbaile lán le ceoltóirí óga ag seisiúntaí. Thug na cuairteoirí as na Gaeltachtaí éagsúla, chomh maith le ceoltóirí óga Chorca Dhuibhne, taispeántas breá ceoil, amránaíochta agus rince dár gcomharsain nua ón Úcráin in Óstán Cheann Sibéal, agus chualamar roinnt amhráin os na hÚcránaigh chomh maith.
Gan dabht bhí, mar a bhíonn i gcónaí, ócáid fíor speisialta sa tSáipéal ar an Satharn nuair a tháinig na ranganna ar fad le chéile le píosaí a dfhoghlaim siad sna ranganna a sheinimt. Seinneadh agus canadh 21 píosa ceoil nó amhráin, bhí taispeántas ar na píb ó Jimmy O’Brien Moran agus ar deireadh, sheinn gach duine le chéile, stiúrtha ag Méabh Ní Bheaglaoich, Pólca Mhéabh, a scríobh a hAthair, Séamus. Nach iontach go bhfuil an pólca sin ag dul timpeall na tíre anois, agus é foghlamtha ag os cionn 200 duine.
Lean an ómós do Shéamus an tráthnóna sin. Threoraigh Maidhc Ó Mainín slua ar shiúlóid ón gCuas go dtí Cill Chuáin – ar an slí chualadar dán ó Dhairena Ní Chinnéide, cur síos ar an iascach sa Chuas mar a bhíodh, ó John Tammie Ó Laoithe, cuir síos ar Chathair na bhFionnúrach ó Sheán Jim Pheig agus píosa deas ceoil ar an slí ó Andrea Palandrí ón Iodáil atá ag cur fé sa cheantar. Tugadh cleas na siúlóíde ansan go dtí an reilig áit a bhfuil Séamus Ó Beaglaoich curtha, áit a slua mór bailithe, ina measc, bean céile Shéamuis Mary, agus beirt dá gclann mac, Eoin agus Niall Ó Beaglaoich. Chuir Ailean Domhnallach tús leis an ócáid le marbhna aoibhinn a chum sé, á sheinimt ag an uaigh ar an bpíob mhór. Léigh Cárthach Mac Craith dán a scríobh sé in ómós do Shéamuis, An Beaglaoich Mór agus bronnadh cóip I bhfráma ar a bhean. Chan beirt ógánach, Seán agus Ellie Ó Mainín cúpla véarsa ón gCiarraioch Mallaithe, amhrán a bhí aitheanta le Séamus, agus le clabhsúr a chuir ar an 4 ócáid, cuireadh bláthfhleasc ar an uaigh agus sheinn mic Shéamuis, Niall agus Eoin, polcaí i gcuideachta Andrea. Ócáid ar leith a bhí an, le meas agus ómós a thabhairt do fhear ar leith.
Níos déanaí an tráthnóna céanna bhí ócáid fíor speisialta in Ionad an Bhlascaoid áit ar taispéaineadh an scannán nua Ondas di Mar di Vigo – Tonnta Farraige Vigo, agus ceolchoirm speisialta ina dhiaidh le Liam Ó Maonlaí agus Katerina Garcia.
Bhí dhá cheolchoirm iontach i Halla na Feothanaí le scoth an cheoil agus na hamhráin ónár muinteoirí agus na cuairteoirí as Alba agus an Eastóin. Chuaigh Caoimhe & Séamus Ó Flatharta go mór I bhfeidhm ar an lucht féachana, mar a dhein Clann Shéamus Uí Bheaglaoich, a chuir críoch le ceolchoirm an tSathairn le poirt agus seit an Chuasa.
Is iomaí ócáid eile a bhí ann, in iomarca le cuir síos a dhéanamh orthu, bhí Tionól na nÓg, Siansa na Seanóirí, Tráthnóna na gCaipíní, craoladh an Saol Ó Dheas, ceardlanna damhsa, ceoil agus amhránaíochta I nGáidhlig, léacht ón Dr. Pá∂raig Ó Héalaí, agus go leor eile, agus baineadh fíor shásamh astu go léir. Ar an Satharn bhí Aifreann aoibhinn, a craoladh ar Raidió na Gaeltachta, le Cór Chúil Aodha, agus maidin chaifé ina dhiaidh. Chuaigh slua ag snámh agus bhí poirt amach sa lá i mBaile an nGall. Tá ceol inár gcroíthe fós agus gilleacht inár n-anamnacha taréis an ceol agus spraoi ar feadh cúig lá. Táimíd an-bhuíoch do gach éinne a thugannn cabhair dúinn, idir a gcuid ama, a gcuid áíseanna agus tacaíocht airgid, gan sibh ní bhéimís anseo, gura fada buan sibh.
Niamh Ní Bhaoill, Breanndán Ó Beaglaoich agus Ciara de Mórdha. 01.03.23