![60b53c853d47a13d4e87ad5b_scoil cheoil tig aine-11-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53c853d47a13d4e87ad5b_scoil-cheoil-tig-aine-11-p-2600-scaled.jpg)
![60b53c47687e2ea01f27e2c8_scoil cheoil tig aine-12-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53c47687e2ea01f27e2c8_scoil-cheoil-tig-aine-12-p-2600-scaled.jpg)
![60b53cb9f9c20479db9954c2_scoil cheoil tig aine-10-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53cb9f9c20479db9954c2_scoil-cheoil-tig-aine-10-p-2600-scaled.jpg)
![60b53cf479d3257b88bfc840_scoil cheoil tig aine-08-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53cf479d3257b88bfc840_scoil-cheoil-tig-aine-08-p-2600-scaled.jpg)
![60b53dcfaead233660472011_scoil cheoil sean nos-02-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53dcfaead233660472011_scoil-cheoil-sean-nos-02-p-2600-scaled.jpg)
![60b53e7e0f39a1f48c4775fe_scoil cheoil satharn-05-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53e7e0f39a1f48c4775fe_scoil-cheoil-satharn-05-p-2600-scaled.jpg)
![60b53e420d28a0fcab8f3c2b_scoil cheoil satharn-07-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53e420d28a0fcab8f3c2b_scoil-cheoil-satharn-07-p-2600-scaled.jpg)
![60b53eea33d66819d04d4258_scoil cheoil satharn-03-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53eea33d66819d04d4258_scoil-cheoil-satharn-03-p-2600-scaled.jpg)
![60b53f3ae8de89fc440cc51f_scoil cheoil satharn-01-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b53f3ae8de89fc440cc51f_scoil-cheoil-satharn-01-p-2600-scaled.jpg)
![60b54a0bfab3f0841e5aa510_scoil cheoil ceolchoirm-27-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b54a0bfab3f0841e5aa510_scoil-cheoil-ceolchoirm-27-p-2600-scaled.jpg)
![60b54a59b21df3793dbaf03c_scoil cheoil agus lon-02-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b54a59b21df3793dbaf03c_scoil-cheoil-agus-lon-02-p-2600-scaled.jpg)
![60b540e3e7944bfab155f576_scoil cheoil rince breton-03-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b540e3e7944bfab155f576_scoil-cheoil-rince-breton-03-p-2600-scaled.jpg)
![60b541b12964812b78511b96_scoil cheoil ranganna-39-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b541b12964812b78511b96_scoil-cheoil-ranganna-39-p-2600-scaled.jpg)
![60b541e80ba076f65399f30d_scoil cheoil ranganna-38-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b541e80ba076f65399f30d_scoil-cheoil-ranganna-38-p-2600-scaled.jpg)
![60b542f10b800dcf463a525a_scoil cheoil ranganna-28-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b542f10b800dcf463a525a_scoil-cheoil-ranganna-28-p-2600-scaled.jpg)
![60b543b60d28a0324092a891_scoil cheoil ranganna-20-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b543b60d28a0324092a891_scoil-cheoil-ranganna-20-p-2600-scaled.jpg)
![60b543eec86d92122b4105ad_scoil cheoil ranganna-18-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b543eec86d92122b4105ad_scoil-cheoil-ranganna-18-p-2600-scaled.jpg)
![60b544d929648138f0519678_scoil cheoil ranganna-05-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b544d929648138f0519678_scoil-cheoil-ranganna-05-p-2600-scaled.jpg)
![60b547c4bfaa771d9b96cbef_scoil cheoil liz carroll-01-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b547c4bfaa771d9b96cbef_scoil-cheoil-liz-carroll-01-p-2600-scaled.jpg)
![60b548fc4fa8337c8f4cd7f2_scoil cheoil launch-02-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b548fc4fa8337c8f4cd7f2_scoil-cheoil-launch-02-p-2600-scaled.jpg)
![60b5431b9079eb6cb60da046_scoil cheoil ranganna-25-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b5431b9079eb6cb60da046_scoil-cheoil-ranganna-25-p-2600-scaled.jpg)
![60b5443faf928b0990e43c05_scoil cheoil ranganna-12-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b5443faf928b0990e43c05_scoil-cheoil-ranganna-12-p-2600-scaled.jpg)
![60b5453ee8de89e9540ef039_scoil cheoil oiche aoine-10-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b5453ee8de89e9540ef039_scoil-cheoil-oiche-aoine-10-p-2600-scaled.jpg)
![60b5461f296481155b528314_scoil cheoil oiche aoine-03-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b5461f296481155b528314_scoil-cheoil-oiche-aoine-03-p-2600-scaled.jpg)
![60b5469d22d3ec791844684f_scoil cheoil maidstreachta-04-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b5469d22d3ec791844684f_scoil-cheoil-maidstreachta-04-p-2600-scaled.jpg)
![60b5476dd0c44d8aac92b1ff_scoil cheoil liz carroll-09-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b5476dd0c44d8aac92b1ff_scoil-cheoil-liz-carroll-09-p-2600-scaled.jpg)
![60b5495b2cf1f89098fc9ee2_scoil cheoil ceolchoirm-31-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b5495b2cf1f89098fc9ee2_scoil-cheoil-ceolchoirm-31-p-2600-scaled.jpg)
![60b54260ef93e2bcdc873ae7_scoil cheoil ranganna-33-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b54260ef93e2bcdc873ae7_scoil-cheoil-ranganna-33-p-2600-scaled.jpg)
![60b54391fd3734639c462716_scoil cheoil ranganna-22-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b54391fd3734639c462716_scoil-cheoil-ranganna-22-p-2600-scaled.jpg)
![60b54508fab3f018be55deb0_scoil cheoil oiche aoine-11-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b54508fab3f018be55deb0_scoil-cheoil-oiche-aoine-11-p-2600-scaled.jpg)
![60b54580e7944b2f1b57dc90_scoil cheoil oiche aoine-07-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b54580e7944b2f1b57dc90_scoil-cheoil-oiche-aoine-07-p-2600-scaled.jpg)
![60b54814faf2dd4a1d4e76fd_scoil cheoil launch-14-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b54814faf2dd4a1d4e76fd_scoil-cheoil-launch-14-p-2600-scaled.jpg)
![60b541249b15e69e5ccdf2b9_scoil cheoil ranganna-40-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b541249b15e69e5ccdf2b9_scoil-cheoil-ranganna-40-p-2600-scaled.jpg)
![60b548960d465c22aaa0dac3_scoil cheoil launch-06-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b548960d465c22aaa0dac3_scoil-cheoil-launch-06-p-2600-scaled.jpg)
![60b5423102bb400f1cc0b107_scoil cheoil ranganna-34-p-2600](https://scoilcheoil.com/wp-content/uploads/2024/01/60b5423102bb400f1cc0b107_scoil-cheoil-ranganna-34-p-2600-scaled.jpg)
2019
Agus é ag caint ag an oscailt oifigiúil de Scoil Cheoil an Earraigh 2019 ar an Chéadaoin an 20 Feabhra, “Deis síneadh uainn a síneadh chugainn,” a thug Breanndán Ó Beaglaoich ar Scoil Cheoil an Earraigh atá á stiúradh ag Niamh Ní Bhaoill agus aige féin le cúig bliana déag anuas. Leag an oíche oscailte an múnla síos don méid a bhí le teacht thar an 5 lá den fhéile, scoil agus teacht le chéile cultúrtha a mhúsclaíonn Corca Dhuibhne ó shuan an Gheimhridh agus a spreagann fás agus ceiliúradh le teacht an Earraigh; dreasa ceoil ó aos óg na dúichí agus ó mháistrí ón ndúiche agus ón iasacht, ó Albain, ó Albain Nua agus ó Chicago; agus caint fhileata ó Bhreanndán Ó Beaglaoich faoi sprioc na Scoile Ceoil – an oidhreacht cheoil agus teanga a sheachadadh go glúin eile.
Boscó Ó Conchúir a thug an t-aitheasc oscailte, agus é ag tagairt do na máistrí damhsa a thagadh chun na dúichí ag múineadh damhsa agus ceoil. Bhí seisiún draíochtúil amhránaíochta i seomra ‘Siar Ó Thuaidh’ laistiar de Thigh Uí Chatháin. Ba é Cárthach Mac Craith an t-aoi speisialta ach mheall fear an tí Noelie Ó Maoileoin amhrán ó go leor. Ina measc déagóir ón áit, Mollie Ní Loibhéid. Ceol draíochtúil i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban agus as Béarla, gan de sholas sa seomra ach coinnle. Fad is a bhí na daoine óga agus fásta ag ranganna éagsúla ceoil (ar a raibh 20 ceann ar fad ann dóíbh) le múinteoirí ar nós na deirfiúracha Friel as Albain ar de bhunadh Thír Chonaill iad,,Dermot McLaughlin, Catherine McEvoy a fuair príomh gharadam ceoil Tg4 an tseachtain roimhe, Mary MacNamara, Cárthach Mac Craith, Nell Ní Chroinín, Eoin Ó Beaglaoich, Aoife& Deirdre Granville ón Daingean, Éilís Ní Chinnéide, Andy Ó Súilleabháin , Breanndán Ó Beaglaoich gan dabht, agus go leor eile, bhí deis ag daoine nach bhfuil scil an cheoil amsithe fós acu freastal ar chiorcal comhrá Gaeilge faoi stiúir ábalta Máire Joe Daly. Tráthnóna Déardaoin bhailigh an ghlúin óg isteach chuig seisiún oscailte le Bríd Donnelly i dTigh Uí Mhurchú agus an áit lán go doras le ceoltóirí óga agus an-óg, cuid acu ag seinm le chéile agus ag foghlaim óna chéile. Seisiún eagraithe ab ea sin, ach feadh na laethanta agus na n-oícheanta bhí ceol i ngach ceann de na trí thábhairne ar an mbaile agus san Óstán agus i dTigh Bhric freisin. Níos déanaí an tráthnóna céann bhí ócáid amhránaíocht i dTigh Bhric le Páidí Mhárthan Mac Gearailt mar fhear an tí – seisiún aoibhinn amhránaíochta a bhí ann, le aoínna speisialta ar nós Margaret Stewart, Mary Jane Lamond, Ingird Henderson agus Éilís Ní Chinnéide. Bhi deis chomh maith ag amhránaithe a bhí I measc an tslua agus channadar go díograiseach, Sláine Ní Chathalláin, Mollie Ní Luibhéad agus Cárthach Mac Craith ina measc.
Ócaid fíor speisialta ab ea ceolchoirm oíche Dhéardaoin in Ionad an Bhlascaoid. Bhí sciob sceab ar na ticéid a bhi díolta amach go hiomlán roimh ré. Óiche i láthair an veidhleadóir agus cumadóir iomráíteach as Chicago, Liz Carroll, a bhí I gceist agus í ag cur síos ar a saol agus a cuid ceoil, agus í i gcomhrá le Breanndán Ó Beaglaoich. Chuir sí an slua faoi gheasa ansan le ceolchoirm draíochtúil aonair, agus corr phíosa ó Bhreanndán Ó Beaglaoich agus Wendy MacIsaac as Ceap Breatain idir cheol agus rince. Ar an Aoine bhailigh slua amhránaithe le chéile ag ócáid Oidhreacht Chorca Dhuibhne faoi sheacadadh traidsiún na hamhránaíochta – le Seán Garvey, Doimnic Mac Giolla Bhride, Páidí Mhárthan Mac Gearailt, Nell Ní Chroinín, an Dr Tríona Ní Shíocháin, Margaret Stewart, Ingrid Henderson agus go leor eile. Bhaligh an aos óg isteach I dTigh Áine ar an nGráig do thionól na nóg áí ar sheinneadar le fuinneamh I láthair Bhreanndáin Uí Bheaglaoich.
Bhí halla na Feothanaí plódaithe don cheolchoirm Dé hAoine agus cuireadh féasta ceoil ar fáil, a chuaigh amach ar Molscéal TG4, idir cheol uirlise is amhránaíocht, ar feadh trí uair an chloig. Ar stáite bhí Ceoltóirí Óga Acla le Laoise Kelly, Mary McNamara, Liz Carroll Chicago, Wendy MacIsaac agus Mary Jane Lamond Cheap Breatain, Ailean Domhnallach as Alba, Na Friel Sisters agus Steve Cooney. D’fhiafraigh duine de na ceoltóirí i dtreo dheireadh na hoíche conas a mhothaigh ár dtóineacha… Bhíodar righin go maith ach b’fhiú é! Liosta le háireamh na máistrí ceoil a bhí ag múineadh sna ranganna agus ansin ag roinnt go fial ag seisiúin, idir oifigiúil agus spraíúil, ag na ceolchoirmeacha agus na ceardlanna. Ar an Satharn nuair a chríochnaigh ranganna na maidine tháínig na daltaí agus múinteoirí ar fad le chéile sa tSáipéal do cheolchoirm na ndaltaí áit ar sheinn gach rang píosa ceoil a bhí foghlamtha thar an tréímhse 3 lá. Cuireadh clabhsúr leis an gceolchoirm leis an c. 230 dalta ag seimint le chéile ‘ Raghad’sa is mo Cheaití’ in omós do Sheán de hÓra a cailleadh 30 blian am an dtaca seo. Chuaigh suas le 30 duine ar shiúlóid staire faoi stiúr Sheáin Mhic an tSíthigh ar an Satharn – bhi an t-ádh dearg leo leis an aimsir.
Bhí na ranganna máistreachta ar siúl tráthnóna, chomh maith le cúpla seisiún damhsa ar an sean-nós faoi stiú Róisín Ní Mhainín. Bhailigh slua breá I dtigh an tSaorsaigh tráthnóna do thráthnóna na gCaipíní le Breanndán Ó Beaglaoich agus Tim Dennehy.
Bhí ceolchoirm mhór eile oíche Satharn le cuairteoirí as Albain, Margaret Stewart agus Ingrid Henderson ar stáite, chomh maith le Dermot McLaughlin, Catherine McGovern, Johnny Óg Connolly, Steve Cooney, Nell Ní Chróinín , Rozie McKenzie agus go leor eile. Cuireadh clabhsúr leis an Scoil Cheoil ar an nDomhnach le aifreann Uí Riada le Cór Chúil Aodha, le maidin chaifé agus ceoil do roinn an chroí in Ospidéal Cruimghline, agus le tráthnóná aoibhinn ceoil agus bia bhreá I gCaifé na Caolóige I bpotadóireacht Louis Mulcahy áit a raibh an slua mór a bhí bailithe faoi gheasa ag Rozie McKenzie as Ceap Breatain agus Breanndán Ó Beaglaoich. Ar feadh 5 lá, ag tráth ciúin den mbliain, bhí Baile an Fheirtéaraigh ag cuir thar maoill le ceol, ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí, idir óg agus aosta, ag seinm cheoil agus ag baint ceol as comhluadar a chéile. Go mbeirimíd beo ar an am seo arís.
Niamh Ní Bhaoill & Breanndán Ó Beaglaoich