Pádraig Ó Dubhghaill

Is as Indreabhán i gCo. na Gaillimhe é Pádraig Ó Dubhghaill. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna feadóg stáin le Mary Bergin nuair a bhí sé ina leaid óg, sular phioc sé suas an giotár ag seacht mbliana déag d’aois. Tar éis dó cupla bliain a chatheamh ag casadh stíleanna éagsúla ceoil, shocraigh sé díriú ar an gceol traidisiúnta. Agus é ag freastal ar an ‘MA in Irish Music Performance’ in Ollscoil Luimnigh, áit ar bhain sé máistreacht le honóracha grád 1 amach, d’fhoghlaim sé ó chuid de na giotáraithe is fearr sa traidisiún, Steve Cooney agus John Blake ina measc. Thaifead Pádraig ar a chéad albam traidisiúnta i 2018 – ‘Fear Inis Bearachain’ le Johnny Óg Connolly, agus tá sé le bainteach le a lán taifeadadh ó shin idir albaim agus léiriúcháin teilifíse agus raidió. I 2022, bhí sé mar bhall den ghrúpa ‘EXPO Players’ a chaith mí ag an EXPO domhanda i Dubai – grúpa curtha le chéile ag an gCeoláras Náisiúnta. Tá an- suim ag Pádraig i gceol a cheantair dúchais agus bhí baint aige le roinnt tograí do Thaisce Cheol Dúchais Éireann le roinnt blianta. Bíonn Pádraig ag seinm le cuid de na ceoltóirí is fearr sa traidisiún gach bliain ag ceolchoirmeacha agus féilte áirithe agus tá an-tóir air mar mhúinteoir ceoil.

Pádraig was born and raised in Inverin, situated in the Connemara Gaeltacht. He started learning the tin-whistle at a young age under the tutelage of Mary Bergin before picking up the guitar at 17 years of age. After spending a couple of years playing a variety of music, Pádraig decided to apply his guitar-playing skills to Irish traditional music. While completing the MA in Irish Music Performance at the University of Limerick, he learnt from some of the best accompanists in the tradition including Steve Cooney and John Blake. Pádraig was featured on the his first Irish traditional music recording in 2018 – Fear Inis Bearachain with Johnny Óg Connolly, and has since been involved in various commercial recordings and television broadcasts. In 2022, Pádraig got the chance to represent Ireland for a month at the World EXPO in Dubai as a member of the National Concert Hall’s EXPO Players group. He has a great interest in the music of his locality as well and has been involved in a number of archive projects with the Irish Traditional Music Archive in recent years. Pádraig regularly performs with some of the finest exponents of Irish Traditional Music at various concerts and festivals at home and abroad each year and is also in-demand as a guitar teacher.

Faigh do Thicéid:

Láthair: Baile an Fheirtéaraigh
Dáta: 20ú-22ú Feabhra
Am: 10am-1pm
Costas: €70 & táillí áirthinte