Eoin Ó Beaglaoich

Duine de chlann aitheanta Uí Bheaglaoich as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne é Eoin Ó Beaglaoich. Seineann sé an bosca ceoil agus an cansairtín, agus tá stíl ceoil Chiarraí Thiar go smior aige. D’fhoghlaim sé ana chuid des na poirt óna athair Séamus Ó Beaglaoich nach maireann. Tá múinte agus seinnte aige ag an Scoil Cheoil thar na mblianta agus ag féilte eile, agus bíonn sé le feiscint ar an dteilifís ag seinm lena dhearthair agus a dheirfiúr, Niall agus Méabh agus le criú seite ina mbíonn a Mháthair Mary agus a dhearthair Breanndán. Sheinn sé le déanaí leis an veidheadlóir Andrea Palandri ar chlár oíche chinn bhliana TG4.

Eoin a musician from Baile na bPoc in West Kerry, one of the famous Begley family. He plays accordion and concertina and is regularly heard playing with the family at various festivals and occasions. He is deeply rooted within the Irish traditional culture of music, song and dance of West Kerry. He began playing music at home at a young age and has been greatly influenced by his father Séamus Begley. He has performed regularly on television most recently with Andrea Palandri on TG4 and with his family on Fléadh.

Faigh do Thicéid:

Láthair: Baile an Fheirtéaraigh
Dáta:: 15ú-17ú Feabhra
Am: 10am-1pm
Costas: €70 & táillí áirthinte