Cáit Ní Riain

Ceoltóir agus amhránaí traidisiúnta ó Thiobraid Árann is ea Cáit Ní Riain, atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne. Bíonn sí ag seimint ceoil agus ag amhrán fud fad na tíre agus níos faide i gcéin. Tá sí mar bhall den ghrúpa nua ‘The Weaving’, le Owen Spafford agus Méabh Ní Bheaglaioch. Tá MA bainte amach aici i mBéaloideas agus Eitneolaíocht na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus staidéar domhain déanta aici ar thraidisiúin na hamhránaíochta in Éirinn. Bíonn sí ag déanamh tionlacan do cheol traidisiúnta ar an bpianó go minic, agus mar aidhm aici, an ceol a dhathú gan a bheith ag cur isteach ar áilleacht an fhoinn leis an iomarcach comhceoil. Tá sí ag tnúth go mór a bheith ag múineadh an chéad rang riamh ag Scoil Cheoil an Earraigh i dtionlacan ar an bpianó.

Cáit Ní Riain is a musician and singer originally from Tipperary but living in Corca Dhuibhne. She sings and plays music all over Ireland and further afield. She is a member of the new group ‘The Weaving’ along with Eoin Spafford and Méabh Ní Bheaglaoich. She has a Masters degree in Irish Folklore and Ethnology from UCD. She regularly provides piano accompaniment with traditional music, her main focus being adding to the music without interrupting the beauty of the melody. She’s looking forward to teaching Scoil Cheoil an Earraigh’s first ever class in piano accompaniment.

Faigh do Thicéid:

Láthair: Baile an Fheirtéaraigh
Dáta:: 15ú-17ú Feabhra
Am: 10am-1pm
Costas: €70 & táillí áirthinte