Becky Ní Éalaithe
Is as Conamara i gContae na Gaillimhe do Bhecky Ní Éallaithe agus is ceoltóir consairtín agus damhsóir ar an sean-nós í. Chuaigh ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí na háite i bhfeidhm go mór uirthi agus í ag fás aníos. Thosaigh sí ar an gconsairtín agus í óg, ag freastal ar ranganna le Noel Hill. Chuaigh sí ar aghaidh ansin le céim a bhaint amach sa gceol traidisiúnta agus sa Ghaeilge ó Ollscoil Luimnigh i 2022. Ó shin, tá sí ag seinnt agus ag damhsa ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Seineann sí mar aoi le bannaí ar nós Birkin Tree agus Muireann Nic Amhlaoibh band agus bíonn sí ag taisteal go rialta ar thurais agus camchuairteanna ceoil. Bíonn Becky ag teagasc freisin i gCo. na Gaillimhe agus ag féilte ar fud na háite.
Becky Ní Éallaithe is a concertina player and dancer from Connemara. She was surrounded by a strong tradition of music, singing and dance while growing up and started learning concertina under the tuition of Noel Hill. Becky went on to study music in the University of Limerick and graduated with a first class honours in Music & Irish in 2022. Since then, Becky has performed at various festivals and concerts in Ireland and Europe and with groups such as Birkin Tree and Muireann Nic Amhlaoibh band. She teaches concertina and dance in Galway and at festivals, while working on new collaborations and performances.
Faigh do Thicéid:
Láthair: Baile an Fheirtéaraigh
Dáta: 20ú-22ú Feabhra
Am: 10am-1pm
Costas: €70 & táillí áirthinte