2017

Céadaoin
‍Tionóladh oscailt oifigiúil Scoil Cheoil an Earraigh 2017 in Ionad an Chomharchumainn donchéad uair agus cuireadh oíche ceoil don scoth os cóir an slua breá a bhí láthair – bhí an slua chomhmór go raibh orainn somera breise a oscailt – bhí suas le 200 ar fad i láthair agus ba mhór ab fhiúdóibh leis an ceol aoibhinn a cuireadh ar fáil dóibh ag ceoltóirí óga an Bhuailtín, Seán Ryan, Stiofán ÓCuanaigh, Cathy Gillard agus Karen Roberts, Pepín de Munhlan agus Paul Dooley. Ag an nóiméaddeireannach tháinig Caoimhín Ó Raghallaigh i gcomharbacht ar Mhicheal Ó Súilleabháin (nachbhféadfadh a bheith linn faraor) leis an oscailt oifigiúil a dhéanamh, rud a dhein sé go slachtmhar trídport a sheinimt in onóir na hócáide. Bhí ceol i ngach tigh ar an mbaile agus oíche amhránaíochtabreá ar chúl Tigh Uí Chatháin áit a raibh Saileog Ní Cheannabháin mar aoi speisialta. Déardaoin Mar a bhíonn gach blian anois bhí c. 200 duine ag na ranganna a leanann ar feadh trí láagus ag ciorcal comhrá Domhnalll Mac Sithigh. Bhailigh aosaigh an pharóiste isteach do bhéile breáa bhí réitithe ag an bpobal dóibh sa chomharchumann agus chuir fear an tí Pádraig Ó Sé, SeosaimhínNí Bheaglaoich agus ceoltóirí óga na dúichí siamsaíocht breá ar fáil, agus dhein Peigí Chosaí cúplasteip fair play di! Ar an Déardaoin chomh maith cuireadh ciorcal comhrá breise, ceardlanna amhránaíochta agussiúlóid ar fáil do ghrúpa 45 duine ó Chomhairle Condae Chiarraí a tháinig ar cuairt ar an Scoil Cheoil.D’fhreastal an grúpa sin, agus go leor daoine eile, ar sheoladh CD Shaileog Ní Cheannabháin áit araibh tráthnóna amhránaíochta faoi stiúr Pháidí Mhárthan. Ag an am céanna bhí seisiún don óige idTigh Uí Mhurchú. Ba iontach na hámhránaithe a chlos, idir amhránaithe proifisiúnta, seanfhondúirí, an óige agus daoine a chan go poiblí don chéad uair, gach éinne ag baint sásamh astu goléir. Bhí Michéal Ó Súilleabháin le ceolchoirm aonair a dhéanamh in Ionad an Bhlascaoid oícheDhéardaoin ach faraor n’fhéadfadh sé a bheith linn. Mar sin féin cuireadh oíche iontach ina ionad áitar sheinn Danny O’Mahony & Patsy Broderick, Laoise Kelly, Caoimhín Ó Raghallaigh & Breanndán ÓBeaglaoich. Bhí eileamh chomh mór go raibh orainn suas le 40 duine a dhiúltú faraor.

Aoine
Lean na ranganna ar an Aoine, ocht gcinn déag acu (faraor ní raibh éileamh ar rang orgán béil imbliana) agu ceol ag silleadh go binn as gach seomra ar an mbaile. Bhí an tigh lán go doras i dTighAine do thionól na nÓg faoi stiúr Bhreanndáin Uí Bheaglaoich – caithfear carr chlós nios mó athógaint don bhlian seo chugainn!Bhí taispeántas breá taifeadaí ar na gramaphones ag Eoin Moloney sa Mhúséam agus thug an slua an-aghaidh aris ar Ionad an Bhlascaoid an oíche sin do cheolchoirm ar leith – 3 thraidisiúnpíobaireachta. Chuir an ceoltóir óg aitiúil Ava Ní Dhufaigh tús leis an oíche ar an bpiano ach lean anoíche as sin amach le béim ar na píob as Éirinn le Maitiú Ó Casaide agus Cillian Ó Briain, as Asturias lePepín de Munhalen agus as an Estóin le Merike Paberits. Oíche don scoth agus an buaic coíriú arleith le Maitiú agus Merike ag seinimt piosa ón Estóin agus as Éirinn le chéile. Faraor arís bhí aneileamh ró mhór agus bhí orainn suas le 40 duine a dhiúltú.

Satharn ‍
Ní raibh aon teora le imeachtaí an tSathairn agus ba bheag nach raibh an sáipéal ró-bheagdon slua ar theastaigh uatha freastal ar Cheolchoirm na ndaltaí, áit ar mheal na píobairí an sluaisteach ag máirseáil le fonn! Bhí cúpla uair an chloig breá ceoil ann leis na ranganna ar fad ag cuirpíosaí ceoil agus amhráin a d’fhoghlaim siad i gcaitheamh na ranganna i láthair agus an slua ar fad lechéile ar deireadh, suas le 200 ceoltóir chomh maith le aoinna speisialta, Seán Ryan & Pepin. Chuaigh roinnt mhaith amach ag siúl le Danny ansin, agus cuid eile isteach ag seisiún ceoil san óstánfaoi stiúr Bríd Donnelly. D’fhreastal slua mór, os cionn scór duine, ar cheardlann poirt as Asturias,agus lean siad as sin go ceardlann le ceoltóirí na hEstóine.Thug Iarfhlaith Ó Domhnaill, a tháinig igcomharbacht ar Dermot McLaughlin a bhí breoite, rang máistreachta do ghrúpa fidléirí díograsacha.Arís bhí slua dochreidte ag ceardlann Stiofáin Uí Chuanaigh áit ar mhínigh sé an córas nua múinterithime ceoil atá á fhorbairt aige le roinnt blianta. Ócáid ar leith agus pribhléid a bheith i láthair. Fhaid is go raibh na ceardlanna sin ar siúl bhí slua breá baililthe isteach i dTigh an tSaorsaigh dothráthnóna na gCaipíní agus cé gur beag de mhuintir na Caipíní atá linn níos mó, is breá an ócáid é inomós dóibh agus bhí ceol, amhráin agus rince breá ann.Ba iontach slua chomh mór a fheiceáil i Halla na Feothanaí áit a raibh deacracht againn lehuimhreacha le cúpla blian. Cé go raibh an ceolchoirm an fhada ní fhéadfá aon locht a fháil ar angceol. Chuir na hEstónaigh an slua ag rince ar nós nathar timpeall ar an halla agus cé nach rabhadarag súil leis, bhaineadar an-shúp as! Ar stáite chomh maith leis na triúr ón Estóin, bhí Paul Dooley,Máíre Breatnach, ceolóirí Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Stiofán Ó Cuanaigh agus a mhac Coillte, SeánRyan, Pepín de Munhalen & Ruben, Doireann Ní Ghlacáin agus go leor eile. Oíche don scoth.

Domhnach
Bhailigh an slua isteach sa mhuseám chun caifé agus císte tar éís an Aifrinn bhreá le CórChúl Aodha. Lean a thuilleadh go Tigh an tSaorsaigh áit ar raibh amhráin go hathmhaidin arís, bhíceol agus rince ar fud an bhaile ar feadh an lae ach chomh maith bhí cúpla ócáid le clabhsúr a chuirleis an scoil cheoil – bhí léacht ar thraidisiúin a bhaineann leis an bpósadh ag Pádraig Ó Héalaí, ceolsa chaifé ag Pepin agus Ruben as Asturias na Spáinne agus Paul Doorely, agus seiteanna gan stad agPádraig ó Sé agus an slua a bhí bailithe isteach i dTigh Uí Mhurchú. Lean an ceol go maidin ar fud anbhaile, ag cuir clabhsúr breá bríomhar leis an Scoil cheoil is fearr a bhí riamh againn. Chuir na cuairteoirí ceolmhara ón Estóin agus as Aturiasna Spáinne go mór leis na himeachtaí go léír, iadceolmhar, cleachtúil agus foinn scléipe orthu i gcónaí.Ba bhreá linn cuir leis an gné sin don scoil cheoil agusan deis a bheith aginn cuairteoiri ón iasacht a bheithagainn go bliantiúil le cuir leis na himeachtaí ealaíona abhíonn againn. Ba suntasach chomh maith an líondaoine a d’fhreastal ar na himeachtaí. Cé go raibh anlíon daoine a bhí ag na gnáth ranganna cothrom leblianta eile, bhí na sluaite ag cuir thar maoill in Ionad anBhlascaoid oíche Dhéardaoin agus Aoine, bhí Halla na Feothanaí beagnach lán ar an Satharn, bhí anslua ba mhó a bhí riamh againn ag an seoladh CD, an oscailt oifigiúil, tionól na nÓg agus ceolchoirmna ndaltaí rud a léiríonn go bhfuil an líon daoine atá ag freastal ar na hócáidí ag fás. Caithfidh gobhfuilimíd ag déanamh rud éigint i gceart!!!Ár mbuíochas le gach éinne a thugann tacaíocht dúinn, idir mhaoiniú, am agus páirtíocht.Niamh Ní Bhaoill & Breanndán Ó Beaglaoich