2019

Tuairisc ar na hImeachtaí Chuir Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha tús spleodrach le Scoil Cheoil an Earraigh 2012 sa Mhúsaem ar an mBuailtín Dé Céadaoin an 15ú Feabhra áit ar labhair sé go fonnmhar ar a chuairteanna fhéin ar Chorca Dhuibhne sna blianta a d’imigh. Ar an oíche, chan ceoltóirí óga Pobalscoil Chorca Dhuibhne fé stiúr Sheosaimh Uí Chríodáin, chuir Tomás Mac Eoin an slua fé gheasa lena chuid amhráin agus siamsaíocht, agus chur Breanndán Ó Beaglaoich, Colm Murphy, Liam O’Connor, Niamh Nic Conghala agus go leor eile, tús spleodrach leis an Scoil Cheoil. Lean an scléip ar aghaidh i Siar Ó Thuaidh le oíche iontach amhránaíochta. Thosaigh na ranganna maidin Déardaoin agus arís bhí méadú beag ar líon na ndaoine a bhi ag freastal. Cuireadh tús leis an gciorcal comhrá chomh maith agus bhí slua breá i gcuideachta Dhomnaill Mhic an tSíthigh gach lá. Buacphointe an chiorcal comhrá dár le go leor ná an cuairt a thug an grupa ar an naomhóg a bhí á thógaint ag Danny lámh leis an mBuailtín. Bhí Tigh Bhric lán go doras tráthnóna Déardaoin nuair a seoladh leabhar leis an mbanna ceoil Kila, Cd le Saileog Ní Cheannabháin agus ceann eile le Mick O’Brien & Caoimhín Ó Raghallaigh. Roinn gaolta, cairde agus comharsain a gcuid cuimhní cinn ar an gceoltóir ó Cheann Trá, Moss Martin agus taispeáinfadh pictiúrí agus taifeadaí dó chomh maith. Bhí an bosca ceoil a bhí a sheinn aige nuair a cailleadh é i láthair chomh maith, mar a bhí Eoin Duignan, a sheinn leis an ar oíche a cailleadh é. Maidin Dé hAoine chraol RTE RnaG clár speisialta don Saol Ó Dheas ó Thigh uí Mhurchú agus meascán aoibhinn de scéalta, amhráin agus ceoil beo ar an gclár curtha i láthair go slachtmhar ag Helen Ní Shé. D’éirí go hiontach Tionól na nÓg i dTigh Bhric, ceann do na himeachtaí nua a bhí ag an Scoil Cheoil i mbliana, an tráthnóna céanna. Bhailigh na sluaite ceoltóirí óga agus a ngaolta agus thugadar faoi amhráin agus poirt, ó leanaí an-óg ar fad go dtí na déaga. Bhí gach éínne fíor shásta leis an ócáid agus gan dabht, tabharfar fé arís an bhlian seo chugainn. Ár mbuíochas do Áine de Lóndra agus Bernie Ní Mhuircheartaigh. Díreach ina dhiaidh d’fhreastal slua breá ar rang mháistreachta Mháire Ní Chéileachair ar amhráin Mhúscraí agus an oíche sin, bhí an amharclann in Ionadh an Bhlascaoid lán go doras áit a raibh taispeántas breá ceoil agus amhránaíochta as Éire agus Albain ar siúl. Bhí togha na Gáidhlige ag ár gcairde as Albain agus déanadh an bheart ar an oíche ar fad i nGaeilge agus i nGaidhlig faoi stiúr bhean an tí, Seosamhín Ní Bheaglaoich, rud a bhí taitneamhach agus suimúil táim cinnte don slua mór Éireannach agus idir náisiúnta a bhí i láthair, daoine as Meiriceá, mór roinn na hÉorpa agus an Nua Shéalainn ina measc. Roinneadh an ceardlann damhsa ar an sean-nós ina dhá leath i mbliana don chéad uair, le tosnaitheoirí ar maidin agus daoine níos oilte théis lóin. Arís, bhain gach éinne fíor shásamh as an lá le Róisín Ní Mhainín. Tionóladh ceolchoirm na ndaltaí i Sáipéal an Bhuailtín, ceann do bhacphointí na Scoile arís i mbliana. Lean na himeachtaí eile i rith an lae agus bhí ana fhreastal orthu go léir. Bhí príomh cheolchoirm na scoile i Halla na Feothanaí oíche Shatharn agus bhí oíche don scoth ann le ceol bríomhar spreagúil ealaíonta ó Liam & Mick O’Connor, Johnny Connolly, Muintir Uí Cheannabháin, Bréanainn Ó Mathúna, The 4 Star Trio, Victoria Breathnach agus Róisín Ní Mhainín. Baineadh geit as an slua nuair a chur bean an tí, Niamh Ní Bhaoill an aoi speisialta in aithne agus nuair a chuir sí fáilte roimh Christy Moore teacht chun stáite. Cuireadh clabhsúr deas leis an scoil le Cór Chúl Aodha ag an aifreann. Díreach ina dhiaidh bhí maidin chaifé sa Mhúsaem ar son Ospidéal na Leanaí Cromghlinn, agus d’fhreastal an Dochtúr Comhairleach Croí, David Coleman, agus a bhean Carol ar an ócáid. Bailíodh €1435 ar son an ospidéil. Sular bhuail daoine bóthar bhí seisiún breá amhránaíochta i dTigh an tSaorsaigh agus sa tráthnóna, d’éinne go raibh aon fuinneamh fágtha acu, bhí seiteanna i dTigh Mhurphy. Bhí atmasféar fior dhearfach taithneamhach ann i gcaitheamh na scoile agus seisiúin ag tárlú ago minic sna tithe tabharine ar fuaid an bhaile. Aineoinn Niamh Ní Bhaoill a bheith ar mhaidí croise, d’éirí thar barr leis na himeachtaí go léir agus léirigh ceoltóirí áitiuila an pobal i gcoitinne a dtacaíocht le formhór 100 duine ag tabhairt a gcuid cabhrach ar shlí amháin nó ar shlí eile. Ar aghaidh linn go 2013!

Niamh Ní Bhaoill & Breanndán Ó Beaglaoich