2009

Tugtha, traochta, tnáite, dóite, caite ach sona sasta le féachaint árd agus sásamh aigne gur éirigh chomh maith san aríst i mbliana leis an deireadh seachtaine seo atá ag bláthú mar nós anseo againn thiar in iarthar Dhuibhneach. Deirtar “ Ná dein nós is ná bris nós” ach thar cheann Niamh Ní Bhaoill is mé fhéin taimíd breá buíoch gur chuireamair ar bun an nós seo atá ag tabhairt taithneamh agus tairbhe do mhórán. Veidhleadóirí Óga In’s na seachtainí ag druideam suas leis an ócaid bhí sé deas daoine a chlos ag rá gur fada leo go dtosnódh Scoil Cheoil an Earraigh aríst, ná raibh faic puínn ag tárlú timpeall agus go gcuirfadh sé anam aríst san áit fé mar dá mbeadh sé in am acu na deamhóidí a bhí curtha roimpú i gcomhair na bliana nua a bhriseadh! Chuir san misneach nach beag ar Niamh is ionam fhéin a bhí fé bhrú á dhéanamh seo súd is eile mar go raibh fhios againn, leis an meón dearfa san ag muíntir na h-áite, go neíreodh leis pioca an mbeadh slua beag nó mór i láthair. Bhuel tháinig an deireadh seachtaine agus d’oscail Con Fada ó Drisceoil an Scoil sa Mhuséam mar is gnáth ar an gCéadaoin an 18ú lá Feabhra á rá nuair a bhíodh sé fhéin siúlach ar an áit ina óige nách raibh an oiread san gá le scoil mar bhí sé ag tárlú go nádúrtha ach anois le h-athruithe an t-saoil gur leis an saghas seo scoileanna atá an traidisiún á shíneadh ó ghlúin go glúin agus gur maith ann iad. Seoladh dhá leabhar aige’n oscailt, ceann le Brian Ó Baoill agus Oisín Ó hEartáin, sean athair agus garmhac, dárbh teideal “Ionsaí!”. Sé Dómhnall Mac An tSíthigh a sheól é sin agus mholl sé go h-árd é ní amháin de bharr an t-samhlaiocht agus an saibhreas atá sa leabhar ach a annamh is chífair Daideó agus Garmhac ar an bpeann le chéile ag obair ar an dtionnscnamh céanna. Danny sa chiorcal comhrá Ansan sheol Pádraig Ó Héalaí “Ceól Duibhneach” leabhar ina bhfuil na píosaí ceóil atá múinte go dtí seo aige’n scoil a scrígh ag Breanndán Ó Beaglaoich, eagruithe agus curtha le chéile ag Niamh Ní Bhaoíll. Fear is ea Pádraig go raibh is go bhfuil aithne mhaith aige ar na ceóltóiri atá luaite sa leabhar, rud a d’fhág ana oiriúnach ar bhonn daonachta é don gcúram. Sheim agus chan daltaí ó Phobal Scoil Chorca Dhuibhne aige’n ócáid céanna agus sheim Con Fada, Rick Epping, Colm Murphy is mé fhéin cúpla píosa. Ina dhiaidh bhí árd oíche amhránaíochta i gClub An Mháistir, Tigh Uí Chatháin ina raibh Con Fada mar aoi fé leith i gcomhair na h-oíche agus chuaigh a amhráin nua-chúmtha idir Bhéarla is Gaeilge síos go diabhail leis na h-éinne a bhí i láthair. Seo leis na ranganna ansan mar is gnáth leó an lá dár gcionn le dhá rang breise i mbliana, an Chláirseach fé churam Deirdre Grainbhéil agus ranganna Gailice fé chúram Alan Dómhnallach na hAlban. Bhí ardú ar líon na ndaltaí arís i mbliana, le tuairim is 147 duine ag freastal ar na ranganna ceoil agus amhránaíochta. Thug Ríonach Ní Ógáin léacht in Ionad an Bhlascaoid i dtaobh Cheol Chorca Dhuibhne agus cúirimí bailiúcháin, maidir leis an méid do a bhí déanta i gcaitheamh na mblian agus chuir sí samplaí breátha ó’s ár gcomhair. Rud eile nua a thárla ná Eoin Maloney ag seimint cuid dá chnuasach breá céirníní ‘78’s’ agus gnath chéirníní do Ghael cheoltóirí traidisiúnta Mheiriceá ó’s na ficheadaí go dtí’s na caogadaí. Bhí san ag tárlú tímpeall ar a ceathair a chlog Dé Sathairn sa Mhusaém. Déirigh thar bárr leis na ceol choirmeacha i Halla Na Feóthannaí oíche Dé hAoine is Dé Sathairn agus tar éis Aifreann an Domhnaigh le Cór Chúil Aodha, bhí an díolachán cístí sa Mhusaém chun airgead a bhailiú do Oispuidéal na Leanbh i gCromghlin rud a chuir deireadh oifigiúil leis an ócáid. Mar sin fhéin bhí seisiún breá amhránaíochta idir a 12:30 agus a 3:30 iar nóin dtigh an tSaorsaigh inar bhailigh Cór Na mBan agus Cór Chúil Aodha agus na haon scoladh amhrán acu le croí le brí is le hanam, bail ó Dhia orthu. Bhí seisiúin ceoil i gcúpla tigh i gcaitheamh an lae agus is d’oíche, i dtigh Uí Chatháin agus san Óstan áit ar bhailigh dríodar na deireadh seachtaine le chéile gan choinne aige éinne leis agus bhí na trí cosa fé’n gcorcán acu le ceól, rínce agus amhranaíocht le daoine ag rínce ná facathas riamh ag rínce roimhe sin agus daoine ag amhrán nár chualathas riamh ag amhrán go dtí san, agus sin iad na nithe a dhein árd oiche speisislta dhó. Bríd Donnelly Sé an cogaslann díreach a bhí ag teastáil é ó’s na h-éinne a bhí páirteach in imeachtaí na deireadh seachtaine agus a chuir clabhsúr taithneamhach le h-imeachtai na scoile. Mar is gnách bhí an aimsir thar cailc, gan aon deoir báistí ach grian is breathacht go dtí lár an lae Dé Domhnaigh nuair a chas an lá bog braonach agus go deimhin fhéin níor mhór linn do é fé’n dtráth san. Bhí déanta go maith againn mar ná geobhmíst i gcroí-lár an t-samhraigh anuraigh é, a bhreathacht is bhí sé.Chabhraigh san go mór gan amhras le feabas na deireadh seachtaine ag fágaint daoine ag lorg scoil eile i lár an t-Samhraigh nó ar a laghad ag tnúth le scoil na bliana seo chughainn cheanna fhéin. Ní fios cé mhairfaidh leis ach cheanna fhéin tá pleananna ar na biorráin ina chóir agus an fonn agus fuinneamh ag bailiú i lucht a eagraithe chun tabhairt fé tar éis toradh a saothair go dtí seo a fheiscint ag bláthú mar atá agus an mhaitheas atá se ag déanamh do mhuintir na haite idir óg agus críonna a fheiscint. Breanndán & dalta Ceann de’s na rudaí is mó a chuir dóchas ormsa le línn na deireadh seachtaine ná tímpeall a haon déag a chlog thiar i dTigh Uí Chatháin, oíche Dé Sathairn , dáréag ceóltór óg ó’n gceanntar agus tagtha isteach, a chlos ag seimint suas le leath dhosaén pólca ó’n áit i ndiaidh a chéile,atá múinte aige’n scoil againn ó thosnaigh sé. Dar liom nách bhfuil aon chomhartha níos foláine ná san chun toradh aidhmeanna na scoile a léiriú, ceol a sínsear á sheimint acu le mórtas is meas is le spórt agus iad á roinnt lena gcáirde nách o’n áit in aonchor iad, as a stuaim féinigh gan iarraidh gan bhrú. Ná h-iarr ‘na dhiaidh san é. Ó thuaidh!

Breanndán Ó Beaglaoich 25.02.09 ‍