Síle Denvir
Amhránaí sean-nóis agus cláirseoir í Síle Denvir a rugadh agus a tógadh i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Bronnadh gradam Amhránaí na Bliana, Gradam Ceoil TG4 uirthi i 2023 agus eisíodh an t-albam is deireanaí ó Shíle, Anamnesis, i 2023 freisin. Tá eolas domhain curtha aici ar thraidisiún na hamhránaíochta Gaeilge trína cuid oibre scolártha mar Ollamh Cúnta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá dhá leabhar faoi chumadóirí amhrán as Conamara foilsithe aici, Tom a’ tSeoighe: Amhráin agus Ciarán Ó Fátharta: Amhráin chomh maith le riar mhaith aistí léannta faoi thraidisiún na hamhránaíochta. Tá suim faoi leith aici i nasc a dhéanamh idir an taighde agus an chruthaitheacht agus i measc a cuid tograí taighde ealaíonta le gairid tá an dlúthdhiosca/leabhrán Caithréim (Cló Iar-Chonnacht 2016), sraith físeán bunaithe ar amhráin Tom a’ tSeoighe (Molscéal TG4 2020), agus Aibhse, togra a dhéanann iniúchadh ar armóin san amhránaíocht ar an sean-nós. Bhí sí ina stiúrthóir ceoil ar an tsraith teilifíse ‘Bláth na hÓige’ agus d’eisigh an banna a gcéad albam i 2023 faoi lipéad Ghael Linn.
Síle Denvir is a sean-nós singer and harpist who is deeply influenced by her upbringing in the west of Ireland Connemara Gaeltacht. She was named Singer of the Year 2023 in the prestigious TG4 Gradam Ceoil and her most recent album Anamnesis was released in 2023. Síle has a deep passion for Irish language song, and through her work as an academic at Dublin City University she has honed her knowledge of this song tradition to the highest level. She has published two books on songwriters from Connemara, Tom a’ tSeoighe: Amhráin and Ciarán Ó Fátharta: Amhráin and numerous articles on aspects of the Irish song tradition. She has a particular interest in combining her academic and creative work and recent artistic research projects include a CD/Booklet called Caithréim (Cló Iar-Chonnacht 2016), the production of a series of videos of Tom a’ tSeoighe’s songs (Molscéal TG4 2020) and Aibhse, an artistic research project that delves into harmony singing. She was musical director of the series ‘Bláth na hÓige’ and the band released their first album in 2023 under the Gael Linn label.
Faigh do Thicéid:
Láthair: Baile an Fheirtéaraigh
Dáta: 20ú-22ú Feabhra
Am: 10am-1pm
Costas: €70 & táillí áirthinte