Dermy Diamond

Is as Béal Feirste ó dhúchas do Dermy Diamond, agus d’fhoghlaim sé a cheol luath ó imreoirí áitiúla i mBéal Feirste, Aontroim agus an Dún, leithéidí Andy Dickson agus Gerry McCartney. Níos déanaí, thaistil sé go forleathan ar fud na hÉireann, ag seinm agus ag caitheamh ama le ceoltóirí ó go leor áiteanna ar fud na tíre, ach go háirithe Dún na nGall agus Fear Manach. Bhí sé ina rannpháirtí i dtrí chamchuairt Music Network, le, i measc daoine eile, Dolores Keane, John Faulkner, Paddy Keenan, Maighréad Ní Dhomhnaill, Fintan Vallely, Con Fada Ó Drisceoil agus Charlie Harris. Múineann sé an fhidil ag Scoil Samhraidh Willie Clancy in éineacht le Bernadette McCarthy. Is ceoltóirí traidisiúnta iad a bhean chéile Tara, a iníon Helen, a mhac Danny, agus a mhac céile, Piaras Hoban. Is céimdhamhsóir traidisiúnta í a iníon chéile, Anna Lethert. In 2008 d’eisigh sé dlúthdhiosca le Tara agus Daithí Sproule dar teideal ‘SeanChairde’.* Tá sé ina chónaí sa Charraig, Dún na nGall, in aice le Gleann Cholm Cille agus na haillte móra ag Sliabh Liag.

Dermy comes from Belfast, and learned his early music from local players in Belfast, Antrim and Down, such as Andy Dickson and Gerry McCartney. Later, he travelled extensively across Ireland, playing and spending time with musicians from many parts of the country, particularly Donegal and Fermanagh. He was a participant in three Music Network tours, with, amongst others, Dolores Keane, John Faulkner, Paddy Keenan, Maighréad Ní Dhomhnaill, Fintan Vallely, Con Fada Ó Drisceoil and Charlie Harris. He teaches fiddle at the Willie Clancy Summer School along with Bernadette McCarthy. His wife Tara, daughter Helen, son Danny and son-in-law Piaras Hoban are all traditional musicians. His daughter-in-law, Anna Lethert, is a traditional step dancer. In 2008 he released a CD of traditional music with Tara and Daithí Sproule entitled ‘SeanChairde’.* He lives in Carrick, Donegal, near Gleann Cholm Cille and the great cliffs at Sliabh Liag.

Faigh do Thicéid:

Láthair: Baile an Fheirtéaraigh
Dáta: 20ú-22ú Feabhra
Am: 10am-1pm
Costas: €70 & táillí áirthinte